Cumann Tuismitheoirí Múinteoirí

Cumann Tuismitheoirí Múinteoirí Scoil Iognáid 

Parent Teacher Association

‘Séard atá i gceist le Cumann Tuismitheoirí agus Múinteoirí Scoil Iognáid ná comhairle tuismitheoirí agus múinteoirí na scoile. Tá gach tuismitheoir agus múinteoir ina bhall den chumann seo. Tugann ballraíocht an chumainn deis do thuismitheoirí ionchur a bheith acu in imeachtaí agus saol na scoile. Déanann an cumann imeachtaí éagsúla a eagrú i rith na bliana. Bíonn baint díreach ag daltaí na scoile le cuid de na himeachtaí seo, mar shampla, an Lá Spóirt, Aonach na Nollag agus Ranganna Snámha. Baineann imeachtaí eile le hionchur na dtuistí amháin,  mar shampla ag bailiú airgid ar son na scoile. Ina theannta sin déanann tuistí éagsúla foirne peile, camógaíochta, iománaíochta, sacar agus luthchleasaíochta a thraenáil. Cuireann na himeachtaí seo ar fad le saol ár bpáistí ar scoil. Bítear i gcónaí ag lorg smaointí agus tuairimí nua. Bíonn cruinniú amháin in aghaidh na míosa ag an gcoiste (ar an gCéadaoin go hiondúil). Ní gá go mbeifeá tofa ar an gcoiste le freastal ar na cruinnithe seo. Is féidir le gach tuismitheoir mar sin, dul chuig na cruinnithe, nó páirt a ghlacadh in imeachtaí éagsúla, nó an dá rud a dhéanamh. Bíonn géarghá leis an obair dheonach agus leis an gcúnamh i gcónaí. Má bhíonn smaointí nó am agat beidh fáilte romhat!

The Cumann Tuismitheoirí Múinteoirí is the structure through which the parents in Scoil Iognaid can work together for the best possible education for their children. We work with our Principal Laoise, Vice Principal Eimear, the teaching staff and the Board of Management to build an effective partnership between home and school..

ALL parents of children in Scoil Iognáid are members of the Cumann Tuismitheoirí Múinteoirí .

All parents are welcome to attend any or all of our  meetings. A great opportunity to meet other parents and keep informed of developments in the school, these meetings are designed to support and empower you as parents to be active in your children’s educational lives. A well-represented Cumann Tuismitheoirí Múinteoirí will be stronger and more effective at supporting parents, teachers, pupils and their school.

The Cumann Tuismitheoirí Múinteoirí elect a committee to work on their behalf from one year to the next.

If you have any questions about getting involved in the Cumann Tuismitheoirí Múinteoirí, please email ctmiognaid@scoiliognaid.ie

  • See also a guidance note on use of CTM Whatapp for class/year groups by parents here.