
Litir ón Aire Foley chuig tuismitheoirí le daltaí/scoláirí atá ag gabháil don chianfhoghlaim
12 Eanáir 2021 Tuismitheoirí le daltaí/scoláirí atá ag gabháil don chianfhoghlaim A Thuismitheoir/Chaomhnóir, a chara, Tá súil agam go bhfuil tú agus do theaghlach slán agus sábháilte ag an am deacair seo. Mar is eol duit, ó inniu Luan an 11 Eanáir, beidh scoileanna dúnta do dhaltaí/scoláirí agus bogfaidh gach dalta/scoláire ar leibhéal na bunscoile agus na hiar-bhunscoile ar aghaidh chuig clár cianfhoghlama. Cé go bhfuil an Fhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí (NPHET) den tuairim gur timpeallachtaí sábháilte iad scoileanna go fóill, cinneadh iad a dhúnadh chun gluaiseacht an daonra ar fad a íoslaghdú agus chun tacú le víreas Covid-19 a chur faoi chois sa phobal. Cumasóidh sé sin do gach duine an líon teagmhálacha a bhíonn acu a ghearradh ar mhaithe le leathadh an víris a laghdú agus filleadh…