Baile | Home


Bunaíodh Scoil Iognáid i 1971. Is Scoil Lán-Ghaelach, Íosánach, comhoideachasúil í Scoil Iognáid. Tá an scoil suite ar Bhóithrín na Sliogán i lár Chathair na Gaillimhe. Tá 567 daltaí ar na rollaí.

Scoil Iognáid was established in 1971. It is an All-Irish, co-educational, Jesuit school. It is situated on Raleigh Row in the centre of Galway City. It has 567 pupils on its rolls.

Cuireann Scoil Iognáid oideachas lán-ghaelach ar fáil. Bíonn an teagasc go léir trí-mheán na Gaeilge, seachas Béarla ar ndóigh. Bíonn an Ghaeilge mar mheán caidrimh i measc múinteoirí agus daltaí.

Scoil Iognáid provides an education through the medium of the Irish language. Irish is the language spoken amongst the teachers and pupils.

Tá sé mar aidhm againn timpeallacht shuaimhneach a chruthú ina ndéantar cúram d’fhorbairt intleachtúil, fhisiciúil, chultúrtha, mhorálta, spioradálta, shóisialta agus mhothúchánach an pháiste. Tá comhoibriú, dea- bhéasaí agus dea-iompar riachtanach d’éifeacht na scoile agus d’fhorbairt agus dul chun cinn na bpáistí. Déantar dea-luachanna Críostúla a chothú.

We strive to provide a peaceful, caring environment in which all aspects of the pupil: intellectual, physical, cultural, moral, spiritual, social and emotional development is nurtured. Co-operation, courtesy and good behaviour are essential for the effectiveness of the school and for the development and progress of the children. Good Christian values are also promoted.

Tá réimse áiseanna ceoil, spóirt, leabharlainne, ealaíne, ríomhaireachta agus drámaíochta ar fáil go forleathan tríd an scoil. Tá seomra ríomhaireachta nua-aimseartha againn agus freastalaíonn gach páiste ó Rang 1 – Rang 6 ar ranganna ríomhaireachta. Tá an-suim againn eolaíocht agus an teicneolaíocht eolaíochta a chur chun cinn sa scoil.

We have a wide range of facilities for music, sport, reading, art, computers and drama. We have a modern computer room where all children from Rang 1 – Rang 6 attend computer classes. We aim to promote science and science technology throughout the school.

Tá leabharlann scoile againn chomh maith agus bíonn deis ag gach rang ó na Naíonáin go dtí Rang a 6 tréimhse a chaitheamh sa leabharlann go rialta. Bíonn iasachtaí leabharlainne ar fáil do pháistí ó Rang 3 – Rang 6.

We have a school library and each class from Naíonáin – Rang 6 is given the opportunity to avail of the facility on a regular basis. We have a library book lending system available from Rang 3 – Rang 6.

Tá Cumann Tuismitheoirí – Múinteoirí gníomhach sa scoil agus spreagtar tuismitheoirí chun páirt gníomhach a ghlacadh in imeachtaí na scoile. Déantar iarracht bród a chothú sna daltaí as a n-oidhreacht gaelach agus cuirtear béim ar leith ar ghnéithe a aithnítear i gcoitinne a bheith den chultúr gaelach – ceol, damhsa, cluichí, stair agus litríocht.

We have a very active Parent-Teacher Association in the school and parents are encouraged to actively participate in school activities. We encourage the children to be proud of their Irish heritage through music, dance, games, history and literature.